Caoineadh Na Dtrí Muire
Par Cathie Ryan · Auteur : Cathie Ryan
Original : →Traduction :
Traduction par panzas
Paroles originales
A Pheadair, a aspail
An bhfaca tú mo ghrá geal?
Ochón is ochón ó
Chonaic mé ar ball é
I láthair a naimhde
Ochón is ochón ó
Gabhaigí I léith, a dhá Mhuire
Go gcaoine sibh mo ghrá geal
Ochón is ochón ó
Céard atá le caoineadh ágainn
Mura gcaoinimid a chnámha?
Ochón is ochón ó
An é sin an maicín
A hoileadh in ucht Mháire?
Ochón is ochón ó
Éist, a mháithrin
Is na bí cráite
Ochón is ochón ó
A Linbh, is mór é tualach
Is léig cuid de ar do Mháthair
Ochón is ochón ó
Iompruíodh gach éinne
A chrosa, a Mháithrín
Ochón is ochón ó
Commentaires (0)
Connectez-vous pour commenter.